Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:9

An Bíobla Naofa 1981

gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan - é féin agus a chlann mhac go brách - le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách.

Thug clann Iosrael na cathracha sin lena dtalamh féaraigh do na Léivítigh.

Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. D'fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.

A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”

lé bheith ina sampla do chlann Iosrael á chur i gcuimhne dóibh nach ceadmhach d'aon duine nach sagart agus nach de shíol Árón, teacht i ngaobhar an Tiarna le túis a dhó, le heagla gurb é dála Chorach agus a chomplachta ba chríoch dó, faoi mar a dúirt an Tiarna le hEileázár trí bhéal Mhaois.

Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.

Nuair a bhíonn na nithe sin socair mar sin bíonn na sagairt ag dul isteach sa chéad bhoth i gcónaí agus iad i mbun a gcúraimí liotúirgeacha.

Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m'altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d'athar a thug mé m'íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí