Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:80

An Bíobla Naofa 1981

Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?

Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d'Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.”

mar gur sháraigh sé na Giúdaigh go rábach in argóint phoiblí, á thaispeáint ar fhianaise na scrioptúr gurb é Íosa an Críost.

D'fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí