Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:76

An Bíobla Naofa 1981

Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Agus beifear á rá faoi Shíón: Sí is máthair dó seo is dó siúd.’ ” Is é an Tiarna, an Té is Airde, a bhunaigh go daingean í.

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.

Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”

Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”

déarfaidh sé: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann?’ Ach dá ndéarfaimis ‘ó dhaoine’ ” - bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin -

Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair,

Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.

Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”

Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’

Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” a deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí