Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”
Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic.
Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.
Tá sé d'fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne.
Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire