Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:7

An Bíobla Naofa 1981

Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”

Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá.

Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.

Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: “Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.”

Seanfhear anonn go maith sna blianta ab ea Dáiví rí agus cé gur chuireadar breis brat air níorbh fhéidir dó é féin a théamh.

“Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a d'fhiafraigh sé. D'freagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.”

Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,

Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin - bhí sé ag tarraingt ar an gcéad - agus ar bhroinn mharbh Shárá.

Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d'ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.

Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí