Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:67

An Bíobla Naofa 1981

Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá:

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga.

Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht, ach ní dhearnadar sin arís.

Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,

agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin?

D'imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé - an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo - chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.”

Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí