Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa.
Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.
Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”