Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:6

An Bíobla Naofa 1981

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,

Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.

Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: “Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta.

Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).

Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,

“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.

chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.

Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.

Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”

Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?

Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé do d'aitheanta uile.

Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.

Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.

Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

“Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor. Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.

Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”

Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine.

Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé.

i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid.

Molaim sibh as bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh.

Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.

Cloígí leis an mbealach go léir a d'aithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh.

agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne

ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d'fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.

Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.

Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.

Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.

Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.

A chlann liom, ná cuireadh éinne amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí