Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:51

An Bíobla Naofa 1981

Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach.

Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.

Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.

Cluintear gártha lúcháire is caithréime i mbothanna na bhfíréan. “D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;

Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní.

“Sin é an fear nár mhian leis go mbeadh Dia ina dhaingean aige, ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine agus a neart ina choirpeacht.”

Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.

Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.

Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d'ainm le corp áthais.

Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.

Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”

Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart, agus a lámh ag smachtú roimhe! Tá a luach saothair leis ina sheilbh, agus a éadáil ag dul roimhe amach.

Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?

Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.

a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidh ag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois; a scoilt na huiscí ó chéile rompu chun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;

Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún, tarcaisneach i measc daoine.

mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.

agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost.

Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.

Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”

Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí