agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”
Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.
Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.
Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna: “Maireann a bhuanghrá go brách.”
Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.
Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe; don dream ar muinín leo a thrócaire.
go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.
Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.
ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”