agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo
Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.