Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”
Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat. As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliocht agus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.
Agus dúirt leis an té a d'inis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?”
chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.
Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.
Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia.
agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.
mar táimse leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo.”
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.
Gura beannaithe Iáéil i measc na mban; Bean Heibir, an Céineach; I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothanna Gurab í is mó beannacht.
agus thaibhsigh aingeal an Tiarna dó go ndúirt leis: “Tá an Tiarna leat, a ghaiscígh chalma!”
Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”