Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:22

An Bíobla Naofa 1981

Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad.

Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir.

Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.

Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.

Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”

Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d'aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.

Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh á shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost d'fhonn é féin a chosaint os comhair an tslua.

Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d'fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí