Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”
d'fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?” Agus dúirt seisean: “Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.”
Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”
An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.”
Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.
Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.
Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.