Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 1:18

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt Zachairias leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

“A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?”

Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”

Ansin gháir Sárá léi féin á rá: “An amhlaidh a bheidh sólás agam le m'fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?”

Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”

Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”

Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?”

Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.

Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin - bhí sé ag tarraingt ar an gcéad - agus ar bhroinn mharbh Shárá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí