Beidh áthas ort agus gairdeas, agús beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú.
Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”
Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar, ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;
Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin; an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.
Gura mallaithe an fear a thug scéala chun m'athar: “Rugadh leanbh mic duit!” á dhéanamh rólúcháireach.
Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.
Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,
Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.