Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.
Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son.
tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall.
Ansin tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe.
Tógadh an sagart beagán dá fhuil ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra.
Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.
Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.