Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail.
Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:
Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.