Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 9:3

An Bíobla Naofa 1981

Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Thógadar cóta Iósaef ansin, mharaíodar gabhar agus thumadar an cóta san fhuil.

Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus d'ofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht.

Do choisreacan Theampaill seo Dé d'ofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael.

Ní foláir an t‑uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.

Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:

Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d'iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.

“Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.

“Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.

“Faigheadh sé dhá phocán gabhair d'íobairt pheaca agus reithe do íobairt uileloiscthe ó chomhthionól chlann Iosrael.

An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail.

Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.

Dúirt sé le hÁrón: “Tóg lao d'íobairt pheaca, agus reithe don íobairt uileloiscthe; bídís araon gan mháchail, agus tabhair leat chun an Tiarna iad.

damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.’ ”

An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn

Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d'fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.

Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.

D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.

Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad

Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí