Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.
Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd.
Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.
Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,
Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, “Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d'Iosrael.” Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha.
Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.
Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n‑aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé
Ach dúirt a bhean leis: ‘Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.”
Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.