Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 9:23

An Bíobla Naofa 1981

agus chuaigh isteach i mBoth na Teagmhála le Maois. Amach leo araon ansin chun an pobal a bheannú agus d'fhoilsigh glóir an Tiarna don phobal ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.

Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.

D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.

damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.’ ”

Dúirt Maois: “Is é seo a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh, d'fhonn go bhfoilseofaí a ghlóir daoibh.”

Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael.

Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.

Agus an comhthionól go léir ag cruinniú le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón, d'fhéachadarsan i dtreo Bhoth na Teagmhála, agus b'shiud é an néal á chlúdach agus glóir an Tiarna á thaispeáint.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí