Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.
Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna ón íobairt chomaoineach: an tsaill, an t‑eireaball méith go léir á ghearradh ón bhfréamh ag cnámh an droma, an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,