Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 9:1

An Bíobla Naofa 1981

Ar an ochtú lá, ghlaoigh Maois ar Árón agus ar a chlann mhac agus ar sheanóirí Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.

Ar an ochtú lá ní foláir dó iad a thabhairt chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna ar son a ghlanta.

Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.

Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála.

Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.

Rinne Árón agus a chlann mhac gach ní a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois.

Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.

Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain, tháinig Máire Mhaigdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí