Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 8:4

An Bíobla Naofa 1981

Rinne Maois de réir mar d'ordaigh an Tiarna dó; chruinnigh an comhthionól ag doras Bhoth na Teagmhála.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

bhí cloigíní agus pomagránaití, gach re ceann, timpeall fáithim íochtarach fhallaing na seirbhíse mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Ansin thóg Maois an brollach agus rinne é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Bhí an chuid sin de reithe an insealbhaithe ag Maois, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Gair an comhthionól go léir le chéile ansin ag doras Bhoth na Teagmhála.”

Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n‑oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t‑ordú a fuaireas.”

Agus dúirt Maois leis an gcomhthionól: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna a dhéanamh.”

Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán

Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;

A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí