Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.
Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n‑oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t‑ordú a fuaireas.”
sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.