Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 8:33

An Bíobla Naofa 1981

Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”

Mar sin, de réir gach ar aithin mé duit, a dhéanfaidh tú le hÁrón agus lena mhaca; caithfidh tú seacht lá á n‑insealbhú.”

An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.

Nuair a bhíonn an té óna mbíonn an sileadh leigheasta, fanadh sé seacht lá i mbun a ghlanta. Ansin níodh sé a chuid éadaigh, agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce reatha, agus bíodh sé glan.

D'ordaigh an Tiarna dúinn déanamh mar a rinneamar inniu ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar bhur son.

Déanfaidh sé é féin a ionladh leis na huiscí seo ar an tríú agus ar an seachtú lá, agus beidh sé glan. Ach mura ndéanann sé é féin a íonghlanadh ar an tríú agus an seachtú lá, ní bheidh sé glan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí