Rinne tionól uile Iúdá lúcháir, idir shagairt agus Léivítigh, agus an tóstal go léir a tháinig ó Iosrael, na teifigh ó Iosrael agus iad siúd a raibh cónaí orthu i Iúdá.
Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví.
Solamh rí agus pobal uile Iosrael a bhí bailithe le chéile in éineacht leis os comhair na háirce, rinne siad caoirigh agus daimh gan líon gan áireamh a íobairt.
Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, 1b chruinnigh an pobal mar aon duine amháin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce amach. D'iarr siad ar Eazrá an scríobhaí leabhar dhlí Mhaois a d'aithin an Tiarna d'Iosrael a thabhairt amach.
“Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.
“Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.”