Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.
Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.
Ansin ghlac Maois ar ais óna lámha iad agus loisc ar an altóir iad fara an íobairt uileloiscthe. Ba í seo íobairt an insealbhaithe a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna. Ba íobairt dhóite don Tiarna í.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.