Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 8:21

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.

Ná hithigí aon chuid de amh ná bruite in uisce, ach rósta ar thine - idir cheann agus chosa agus ionathar.

agus an reithe go léir a loscadh ar an altóir; ofráil loiscthe a bheidh inti don Tiarna; cumhracht thaitneamhach í, íobairt loiscthe don Tiarna.”

Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí