Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 8:17

An Bíobla Naofa 1981

Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ach feoil an tairbh, agus a chraiceann, agus a otrach, loiscfidh tú le tine iad taobh amuigh den champa; ofráil pheaca í sin.”

Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é.

An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo.

Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach d'aon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine.

Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa.

Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí