Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d'fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.