Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”
Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.
Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?
Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n‑itheann cuid dá thoradh? Nó cén t‑aoire a dhéanann aoireacht ach nach n‑ólann bainne a thréada féin?