“Méith an reithe, an t‑eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
“Sí seo an íobairt nach foláir d'Árón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n‑ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna.