Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 7:34

An Bíobla Naofa 1981

An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat.

agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.”

Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”

An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach.

Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh.

Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.

Ofráladh Árón na Léivítigh ansin mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna thar ceann chlann Iosrael. As sin amach beidh siad tíolactha do sheirbhís an Tiarna.

An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí