Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 7:33

An Bíobla Naofa 1981

An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ofráladh an sagart a shaill go léir: an t‑eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair,

Cuirigí an cheathrú dheas de na híobairtí comaoineach i leataobh agus tugaigí don sagart í.

An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

Thug an cócaire an chos agus an t‑eireaball méith leis dá bhrí sin, agus leag os comhair Shóil á rá: “Féach, tá an chuid a coimeádadh á chur romhat. Ith é sin mar coimeádadh duit é go dtí an t‑am a cinneadh le go n‑íosfá é in éineacht leis an dream a fuair cuireadh!” D'ith Sól bia dá bhrí sin an lá sin in éineacht le Samúéil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí