Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 7:31

An Bíobla Naofa 1981

Ní foláir don sagart an tsaill a dhó ar an altóir, ach bíodh an brollach ag Árón agus ag a chlann mhac.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

“Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat.

Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna.

Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, ina ofráil dhóite mar chumhracht thaitneamhach. Leis an Tiarna an tsaill go léir.

Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”

Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.

An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.

An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

Ansin thóg Maois an brollach agus rinne é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Bhí an chuid sin de reithe an insealbhaithe ag Maois, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Is leat mar an gcéanna cibé ní a chuirtear i leataobh d'ofrálacha chlann Iosrael a chuirtear i láthair mar dhleacht; tugaim é sin duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha, trí reacht síoraí. Ní cás do gach duine glan i do theach é a ithe.

Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.

Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?

An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí