Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 7:26

An Bíobla Naofa 1981

Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t‑anam, sé sin an fhuil.

Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í.

“Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?

Ná hithigí aon fheoil ina mbíonn fuil. Ná cleachtaigí asarlaíocht ná draíocht.

Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”

Aon duine a itheann saill ainmhí a ofráladh ina íobairt dhóite don Tiarna, déantar é a ionnarbadh óna phobal.

Aon duine a chaitheann fuil d'aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.”

Dúirt Íosa leo: “Amen, Amen, a deirim libh, mura n‑íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.

ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n‑ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.

sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”

Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta,

Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í.

Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t‑anam, agus ná caith an t‑anam leis an bhfeoil.

ach ná caith an fhuil ach í a dhoirteadh ar an talamh amhail uisce.

Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí