Croitheadh an sagart an fhuil ar altóir an Tiarna atá ag doras Bhoth na Teagmhála; agus dódh sé an tsaill agus taitneoidh a boladh cumhra leis an Tiarna.
Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n‑iompóidís chugamsa agus go leigheasfainn iad.’
Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d'ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n‑ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?