Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”
Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.
Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach.
“Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?
Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”
Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.
Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.
Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.
Abair é seo leo: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin, má thagann sé i ngar na n‑íobairtí naofa a choisric clann Iosrael don Tiarna agus neamhghlaine air, déantar an duine sin a dhíbirt ó mo láthair. Mise an Tiarna.
Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,