Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 7:18

An Bíobla Naofa 1981

Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.

Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”

An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.

Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.

“Cén fáth,” ar sé, “nár ith sibh an t‑íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d'fhonn go n‑iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna.

Dúirt Árón le Maois: “D'ofráil siad a n‑íobairt pheaca agus a n‑íobairt uileloiscthe inniu, i láthair an Tiarna. Ach féach, dá mbeinnse i gceist, dá n‑íosfainn an ofráil pheaca inniu, an mbeadh sin taitneamhach leis an Tiarna?”

Gach míol beag a shnámhann ar an talamh, bíodh an ghráin orthu, agus ná hitear iad.

Ach mura ndéanann sé a éadach ná a chorp féin a ní, bíodh deasca a lochta air.”

Má ofrálann sibh íobairt chomaoineach don Tiarna, déanaigí sibh féin taitneamhach, agus ansin ofrálaigí amhlaidh sin í.

Fear a ghabhann a dheirfiúr, iníon a mhathar nó iníon a athar, chuige mar bhean: Má fheiceann sé a nochtacht agus go bhfeiceann sise a nochtachtsan, is táire é. Cuirtear chun báis os comhair an phobail iad; bhain sé an folach de nochtacht a dheirféar agus bíodh iarsmaí a dhrochbhirt air.

Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar ná dheirfiúr do mháthar, óir sin duine ag nochtadh a fheola féin; bíodh deasca a gcoire orthu.

d'fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d'éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.”

Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.

agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d'fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.”

“Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.

Feoil a bhaineann le haon ní neamhghlan, ná hitear í, ach loisctear sa tine í. Ní miste d'aon duine glan feoil a ithe

Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.

“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.

‘A leithéid de chrá croí,’ a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna.

Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t‑arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.

Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.

mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n‑áirítear an fhíréantacht dá bharr;

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí