Feoil an íobarthaigh chomaoineach bhuíochais, itear í lá a hofrála; ná fágtar aon ruainne di go maidin.
Ná fágaigí aon fhuílleach de gan ithe go maidin; a mbeidh gan ithe go maidin, loiscigí é [agus ní bhrisfidh sibh cnámh ann].
Ná hofráil fuil m'íobarthaigh fara arán gabháilte, agus ná fág méith íobarthaigh mo fhéile go lá arna mhárach.
Má tá sí á hofráil le híobairt bhuíochais, ofráladh sé mar aon léi builíní slimaráin fuinte le hola, cácaí slime le hola leata orthu, agus cístí de phlúr mín fuinte go maith le hola.
Ní foláir duit é a ithe, tú féin agus líon do thí, gach bliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna.