Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.
“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.
Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.