Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
Cuireadh an sagart a ionar lín uime agus clúdaíodh sé a chorp le línéadach. Ní foláir dó ansin luaithreach na híobartha a loisc an tine ar an altóir a thógáil as an tslí agus a chur le hais na haltóra.
Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.
Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
(Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó thoibreacha Bheiné Iácán go Mósaerá mar a bhfuair Árón bás; adhlacadh ansiúd é agus ghabh a mhac Eileázár a áit mar shagart.