Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 6:21

An Bíobla Naofa 1981

Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfúil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt.

Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil.

Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é.

Gach soitheach cré a mbaineann fear an tsilte leis, bristear é; agus gach soitheach adhmaid déantar é a shruthlú le huisce.

Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola.

An sagart ar chlann Árón atá le hungadh ina áit, déanadh sé mar an gcéanna. Dlí síoraí é seo. Ní foláir an t‑iomlán a loscadh don Tiarna.

Má tá sí á hofráil le híobairt bhuíochais, ofráladh sé mar aon léi builíní slimaráin fuinte le hola, cácaí slime le hola leata orthu, agus cístí de phlúr mín fuinte go maith le hola.

Gach abhlann a bácáladh i sorn, gach abhlann bruite ar ghrideall nó in oigheann, bíodh sí ag an sagart a ofrálann í.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí