Is ceadmhach do gach fireannach de chlann Árón an chuid seo de íobairt loiscthe an Tiarna a ithe. Dlí síoraí é seo do bhur sliocht go léir: gach duine a bhainfidh leo, beidh siad coisricthe.”
Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
Cuireadh an sagart a ionar lín uime agus clúdaíodh sé a chorp le línéadach. Ní foláir dó ansin luaithreach na híobartha a loisc an tine ar an altóir a thógáil as an tslí agus a chur le hais na haltóra.
Dúirt an Tiarna le hÁrón ansin: “Chuir mé féin tú i bhfeighil gach dleacht dá n‑ofráiltear dom. Gach ní a choisriceann clann Iosrael tugaim mar chuid ranna duit iad, agus do do mhaca, de réir reachta shíoraí.
Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.