Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 6:17

An Bíobla Naofa 1981

An chuid a thugaim dóibh de mo íobairt loiscthe, ná bruitear í agus gabháile inti; is cuid shárnaofa í, dála an íobairt pheaca agus an íobairt chúitimh.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”

Déan altóir an uileloiscthe a ungadh chomh maith, agus a gréithe go léir, agus coisric an altóir agus beidh sí sárnaofa feasta.

Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:

Níl gabháile le dul i ndéantús aon abhlainne a ofrálfaidh sibh don Tiarna, óir ní ceadmhach daoibh choíche gabháile ná mil a dhó mar ofráil don Tiarna.

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

“Labhair le hÁrón agus lena chlann mhac agus abair: Seo é gnás an íobairt pheaca: Maraítear íobarthach an pheaca i láthair an Tiarna san áit ina maraítear íobarthach an uileloiscthe; tá sé sárnaofa.

An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.

Gach fireannach sagairt, is ceadmhach dó í a ithe; tá sí sárnaofa.

Seo é gnás an íobairt chúitimh: Tá sí seo sárnaofa.

Is ceadmhach do gach fireannach sagairt í a ithe. Ní foláir í a ithe in áit naofa; tá sí sárnaofa.

Is é dála an íobairt pheaca é ag an íobairt chúitimh; is ionann gnás dóibh. An sagart a dhéanann leorghníomh léi, bíodh sí aige.

Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí