Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 6:15

An Bíobla Naofa 1981

Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne - leis an ola agus an túis a cuireadh léi - agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”

Seo é gnás na habhlainne: Tugadh duine de chlann mhac Árón í isteach os comhair na haltóra i láthair an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí