Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 6:13

An Bíobla Naofa 1981

Bíodh tine dhearg i gcónaí ar an altóir; ná ligtear in éag í.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“Seo é an searmanas a mbainfidh tú feidhm as á gcoisreacan le fónamh dom mar shagairt. Tóg tarbh óg agus dhá reithe gan mháchail,

agus arán slim, builíní gan ghabháile agus iad fuinte le hola, agus abhlanna gan ghabháile agus ola leata orthu. De phlúr mín cruithneachta a dhéanfaidh tú iad.

leis an gcéad uan ofrálfaidh tú deachú tomhais de phlúr mín fuinte le ceathrú hín d'ola mhín, agus ceathrú hín fíona mar ofráil dí.

Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eagla agus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine. Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síón agus foirnéis aige in Iarúsailéim.

do shagairt na haltóra an seomra a fhéachann ó thuaidh. Mic Zádóc iad, an t‑aon dream de mhic Léiví a thagann i ngar don Tiarna chun freastal air.”

An tine a dhónn an íobairt uileloiscthe ar an altóir, ná ligtear in éag í. Cuireadh an sagart brosna uirthi gach maidin. Cóiríodh sé an íobairt uileloiscthe uirthi, agus dódh sé inti saill na n‑íobairtí comaoineach.

Seo é gnás na habhlainne: Tugadh duine de chlann mhac Árón í isteach os comhair na haltóra i láthair an Tiarna.

“Tabhair na horduithe seo leanas d'Árón agus dá chlann mhac: Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra).

Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí