Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”
Ar imeacht amach dóibh chuig pobal na cúirte seachtraí bainfidh siad díobh na héadaí ina ndearna siad freastal agus fágfaidh iad sna seomraí sa sanctóir; gléasfaidh siad in éadaí eile ar eagla go naomhóidís an pobal lena n‑éadaí.
An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.
Cuireadh an sagart a ionar lín uime agus clúdaíodh sé a chorp le línéadach. Ní foláir dó ansin luaithreach na híobartha a loisc an tine ar an altóir a thógáil as an tslí agus a chur le hais na haltóra.
An tine a dhónn an íobairt uileloiscthe ar an altóir, ná ligtear in éag í. Cuireadh an sagart brosna uirthi gach maidin. Cóiríodh sé an íobairt uileloiscthe uirthi, agus dódh sé inti saill na n‑íobairtí comaoineach.
“Sí seo an íobairt nach foláir d'Árón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n‑ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna.