Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 5:4

An Bíobla Naofa 1981

nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.

“Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,” ar sé, “má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!”

Óir chuir siad a chroí chun seirbhe, ionas gur labhair sé briathra míchríonna.

Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”

nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n‑éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;

Má phósann sí agus í faoi cheangal móide nó focail éaganta gill a thug sí,

Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.

gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d'iarrfadh sí a thabhairt di.

Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d'ordaigh sé an aisce a thabhairt di,

Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.”

Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.

Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.”

Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.

is leis an Tiarna go dearfa an té is túisce a thiocfaidh i mo dháil as doirse mo thí agus mé ag casadh abhaile go caithréimeach tar éis cath a chur ar na hAmónaigh agus déanfaidh mé an duine sin a ofráil ina íobairt uileloiscthe.”

Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”

Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”

más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.

Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

Go ndéana Dia seo agus siúd agus a thuilleadh fós le Dáiví má fhágaim oiread agus fear dá mbaineann leis beo faoi mhaidin!”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí